In 1956 phós James múinteoir as Gaoth Dobhair a bhí ag teagasc i gCarraig Airt agus cheannaigh sé teach leanna i mbaile beag an Ghleanna i gCarraig Airt. Bhí áit cónaithe agus teach leanna san fhoirgneamh seo. Ba 8 bpingin a bhí buidéal leanna ag an am sin. Ba £1,800 a chosain an teach leanna le ceannach agus cheannaigh sé ó Dan Reilly é. Ní raibh na gardaí ró dhian air dá mbeirtí air ag díol leanna go mall. Ní raibh mná ag dul isteach sna tithe leanna san am sin. | 00:07:19 | |